skip to main content

"Laethanta deacra romhainn" - sagart paróiste an Chraoslaigh, an tAthair John Joe Duffy

Lasadh deich gcoinnle i gcuimhne na marbh ar an Chraoslach, agus beidh siad lasta go ceann seacht lá
Lasadh deich gcoinnle i gcuimhne na marbh ar an Chraoslach, agus beidh siad lasta go ceann seacht lá

Tá pobal an Chraoslaigh i nDún na nGall fós ag iarraidh ciall a bhaint as an eachtra thubaisteach a tharla ansin iarnóin Dé hAoine, nuair a maraíodh deichniúr i bpléascadh, a loit stáisiún breosla Applegreen agus bloc árasán in aice láimhe.

B'as an Chraoslach agus an ceantar máguaird do na mairbh: cáilín in aois bhunscoile, beirt déagóirí, ceathrar fear agus triúr ban.

Tá lucht Chlub Rugbaí Leitir Ceanainn i ndiaidh a n-ómós a léiriú do dhuine dá mbaill, Leona Harper, a maraíodh sa phléascadh. D'imríodh sí ar fhoireann na gcailíní faoi cheithre bliana déag d'aois.

Leona Harper, a cailleadh sa phléascadh. D'imríodh sí ar fhoireann Chlub Rugbaí Leitir
Ceanainn faoi aois 14

"Imreoir cumasach a bhí inti, a bhí mar dhlúthchuid dár bhfoireann", a dúirt siad. Agus chuir siad a gcomhbhrón in iúl dá tuismitheoirí agus dá deartháireacha.

Tá ochtar fós san ospidéal agus cóir leighis á cur orthu.

Níl na Gardaí cinnte go fóill céard ba chúis leis an bpléascadh agus tá fiosraithe fós ar bun acu. Ach deir siad go bhfuil gach cuma ar an scéal gur timpiste thragóideach a bhí ann.

Cuireadh tús iarnóin Dé hAoine le hoibríocht mhór cuardaigh agus tarrthála, go raibh seirbhísí eigeandála ón dá thaobh den teorainn páirteach ann. Ghlac go leor daoine áitiúla páirt sa gcuardach freisin, as a ndeoin féin. Leanadh den oibríocht thar oíche Dé hAoine agus inné. Bhí an Taoiseach Micheál Martin, an Tánaiste Leo Varadkar agus Uachtarán Shinn Féin, Mary Lou McDonald i measc na ndaoine a d'fhreastail ar shearmanas i gcuimhne na marbh inné.

Bhí an Taoiseach, Micheál Martin, agus Uachtarán Shinn Féin, Mary Lou McDonald, i láthair ag searmanas i gcuimhne na marbh ar an Chraoslach

Lasadh deich gcoinnle in ómós don deicnniúr a cailleadh. Beidh siad lasta go ceann seacht lá.

Sagart Paróiste an Chraoslaigh, an tAthair John Joe Duffy

"Tá ár gcroí briste", a dúirt an sagairt paróiste, an tAthair John Joe Duffy. "Ní chreideann muid go fóill gur tharla an eachtra seo, i ndáiríre. Tá laethanta deacra romhainn. Ach ní neart go cur le chéile agus is pobal láidir muid, a sheasann go dlúth lena chéile."

Thug na Gardaí le fios inné go bhfuil comháireamh déanta ar gach duine a bhí ar láthair an phléasctha agus nach bhfuil aon duine fós ar iarraidh.