Tá sé deimhnithe gur maraíodh deichniúr sa phléascadh ar an Chraoslach i nDún na nGall iarnóin inné.
Tuigtear gur ceathrar fear, triúr ban, beirt sna déaga (cailín agus buachaill) agus cailín bunscoile a bhí sna mairbh.
Tá na seirbhísí éigeandála i mbun oibre go fóill ar an láthair ag an nGaráiste de chuid Applegreen ar imeall an tsráidbhaile, áit ar tharla an pléascadh ag 3:20pm inné. Deir siad, áfach, gur iarrachtaí cuardaigh amháin atá ar bun acu faoin am seo.
Tugadh ochtar go dtí Ospidéal na hOllscoile, Leitir Ceanainn i ndiaidh an phléasctha.
Tá na seirbhísí doiteáin ón dá thaobh den teorainn i láthair, mar aon leis na Gardaí, an Garda Cósta agus Cosaint Shibhialta. Aistríodh duine amháin a gortaíodh ó Ospidéal na hOllscoile, Leitir Ceanainn go dtí Baile Átha Cliath ar héileacaptar de chuid an Gharda Cósta.
Dúirt bainisteoir Ospidéal na hOllscoile Leitir Ceanainn, Seán Murphy, inné gur cuireadh roinnt páistí chuig an ospidéal i ndiaidh na heachtra, ach ní raibh sé sásta níos mó sonraí a thabhairt fúthu.
Dúirt an tUachtarán Michael D. Higgins go bhfuil an tragóid seo tar éis dul i bhfeidhm ar chuile dhuine sa phobal áitiúil, agus ar fud na tíre."Tá muintir na hÉireann ar anchaoi inniu i bhfianaise na heachtra seo", a dúirt an Taoiseach, Micheál Martin.
Dúirt an Teachta Dála Pearse Doherty, Sinn Féin, gur "tromluí a bhí ann." Ag a gcomhdháil inniu, chuir ceannaire an DUP, Jeffery Donaldson, a chomhbhrón in iúl don phobal agus go mhuintir na ndaoine a cailleadh.
PLÉASCADH
Thug an Comhairleoir Neamhspleách, John O'Donnell - a bhí ar an láthair go gairid i ndiaidh na heachtra - le fios gur chualathas "pléascadh mór" ar an Chraoslach agus go ndearnadh damáiste do shiopa agus do bhloc árasán in aice láimhe.
Tá tuairiscí déanta go raibh an pléascadh chomh láidir sin go raibh sé le cloisteáil 5km ón láthair.
Tá comhairle curtha ag na Gardaí ar dhaoine a bhfuil sé i gceist acu taistil tríd an Chraoslach bealach eile a roghnú. Tá na bóithre timpeall an tsráidbhaile dúnta.