Mharaigh fear a raibh gunna agus scian aige 37 duine ag ionad cúram leanaí sa Téalainn inniu.

Iar-phóilín a bhí ann a mharaigh a bhean agus a pháiste san ionsaí, i dteannta 34 duine eile sular chaith sé é féin.

Tá 22 páiste san iomlán maraithe ag an bhfear a briseadh as a phost leis na póilíní anuraidh nuair a cúisiodh i gcoireanna drugaí mídhleathacha é a deir na húdaráis.

Bhí sé os comhair cúirte faoi na cúisimh sin ar maidin sula dtug sé faoin scléacht.

Dhá bhliain d'aois a bhí na gasúir is óige a maraíodh. Idir dhá bhliain agus chúig bhliana a bhí na páistí ar fad. Is le scian den chuid is mó a thug fear an ionsaithe faoin ruathar.

Ag am lóin a tharla sé nuair a tháinig an fear isteach san ionad lena ghasúr a thabhairt abhaile. Bhí an páiste gaibhte abhaile roimhe sin le bean chéile an fhir.

Chaill sé a chiall agus chaith sé cúigear den mheitheal oibre i mbaile Uthai Sawan i gCúige Nong Bua Lamphu i dtuaisceart na Téalainne in aice leis an teorainn le Laos, sular thug sé faoi sléacht na bpáistí, a bhí ina curtha a chodladh i seomra a bhí faoi ghlas.

As sin, chuaigh sé abhaile, áit ar mharaigh sé a bhean agus páiste sular chuir sé é féin den tsaol.

Bheadh níos mó fós sa naíolann marach go raibh daoine coinnithe sa mbaile ag báisteach throm agus fuarlaigh, a dúirt an t-oifigeach réigiúnach Jidapa Boonsom.