skip to main content

€3 mhilliún faighte ag 2 chuideachta Éireannacha ó Ghníomhaireacht Spáis na hEorpa le bheith i mbun faire agus taighde.

An tsatailít ALTIUS atá faoi stiúir Ghníomhaireacht Spáis na hEorpa.
An tsatailít ALTIUS atá faoi stiúir Ghníomhaireacht Spáis na hEorpa.

Tá 2 chuideachta in Éirinn, Davra agus Treemetrics, tar éis €3 mhilliún de mhaoiniú a fháil ó Ghníomhaireacht Spáis na hEorpa faoin gClár um Shatailítí Faire na Cruinne.

Mar chuid den chlár "InCubed" a bronnadh an t-airgead le táirgí nua tráchtála faire a fhorbairt.

Bhronn an Ghníomhaireacht an maoiniú ar Davra le sonraí a chomhtháthú le monatóireacht a dhéanamh ar fhuílleach mhianadóireachta.

Conradh 2 bhliain atá faighte ag Treemetrics le íomháú satailíte agus anailísíocht sonraí a úsáid i gcomhar leis an teicneolaíocht atá forbartha acu féin le creidmheasanna carbóin foraoise a thomhais go beacht.

Fógraíodh na deontais agus 10 gcuideachta a fhaigheann tacaíocht ó Fhiontraíocht Éireann ar cuairt ar ESRIN - Ionad Faire na Cruinne Ghníomhaireacht Spáis na hEorpa - san Iodáil.