Tá fear sna 50í a bhí á cheistiú maidir le cionta a bhaineann le coireacht eagraithe scaoilte saor ag na Gardaí.
Níl aon chúis curtha i leith an té sin.
Gabhadh an fear inné nuair a eisíodh barántas faoi alt 42 den Acht um Cheartas Coiriúil, rud a chiallaíonn gur féidir duine a ghabháil fuí agus iad sa bpríosún.
Ceistíodh an fear ag Stáisiún Gardaí i mBaile Átha Cliath ar feadh roinnt uaireannta an chloig.
Scaoileadh saor é ina dhiaidh sin.
Deir na Gardaí go bhfuil comhad le réiteach anois don Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí.