Tá ealaíontóir i dTrá Lí ar buile gur scrios Oifig na nOibreacha Poiblí múrmhaisiú sráide dá chuid.
Baineadh leas as an íomhá de chú reatha a phéinteáil Mike O'Donnell sa scannán Joyride. Deir Oifig na nOibreacha Poiblí gur ar iarratas ó úinéir an bhalla a péinteáileadh an i mullach an mhúrphictiúir ach deir an t-ealaíotóir go léiríonn scriosadh na h-íomhá aineolas agus dímheas na n-údarás i leith na n-ealaíon.
Tá a rian fágtha go greannta ag Mike O’Donnell ar a bhaile dúchais. Ar fuaid Thrá Lí tá saothar a scuaibe le feiscint sna múrmhaisithe suaithinseacha ata cruthaithe aige.
Ach le déanaí baineadh geit as an ealaíontóir - bhí ceann de na híomhánna is mó a bhí déanta aige scriosta, gan a rian fágtha, é clúdaithe fé bhrat péinte ag Oifig na nOibreacha Poiblí.
Deir an t-ealaíontóir go raibh tábhacht ar leith ag baint leis an iomhá seo. Deineadh é a choimisiúnú trí bliana ó shin le haghaidh an scannáin Joyride, a raibh páirt ag an aisteoir cáiliúil Olivia Coleman ann. Tá an lána agus an íomhá le feiscint i dtosach an scannáin.
I ráiteas a d'eisigh Oifig na nOibreacha Poiblí, dúirt siad go bhfuil ceart slí acu sa Lána seo. Deirean siad go raibh obair athchóirithe á déanamh acu ar a bhfoirgneamh féin, péinteáil san áireamh agus gur iarradh orthu an balla ar an dtaobh eile den Lána a phéinteáil chomh maith.
Cé gurb í Oifig na nOibreacha Poiblí a phéinteáil an balla, tugtar le fios sa ráiteas nach le hOifig na nOibreacha Poiblí an balla féin ar a raibh an íomhá agus gur ar iarratas os na húinéirí a péinteáileadh é.
Deir O’Donnell go bhfuil fonn air an eachtra a chur os ard ionas go mbeidh údaráis ar fud na tíre níos tuisceanaí agus iad ag plé le healaíon sráide.