Tá tús á chur inniu leis an gComórtas Náisiúnta Treabhdóireachta den chéad uair ó 2019. Cuireadh an ócáid ar ceal i 2020 agus 2021 de bharr na paindéime.
Beidh sé ar siúl as seo go ceann trí lá i Ráithín an Uisce i gContae Laoise
Tá 1,700 seastán trádála curtha in airde ar an suíomh 900 acra. Ritheann an cosán treabhdóireachta 37 ciliméadar ar fad.
Aimsir thirim den chuid is mó atá tuartha agus tá súil go bhfreastalóidh 300,000 duine ar an ócáid.
Tá na Gardaí ag moladh don phobal gan féachaint ar loingseoireacht satailíte agus iad ag déanamh a mbealaigh ansin, ach aird a thabhairt ar na comharthaí bóthair. Tá córas dathchódaithe i bhfeidhm.
Cuirfidh an tUachtarán Michael D. Higgins tús leis an ócáid go hoifigiúil níos deireanaí inniu.
Dírítear sa gComórtas Náisiúnta Treabhdóireachta ar threabhdóireacht, ar chúrsaí feirmeoireachta, ar ghnó talmhaíochta, ar an saol tuaithe, ar bhia agus ar chúrsaí faisin.