skip to main content

Olluaigh - ina bhfuil na céadta corp curtha - aimsithe in Izium na hÚcráine

Grianghraf de choill in Izium, ina bhfuil criosanna adhmaid atá déanta go simplí ar fud na háite.
Grianghraf de choill in Izium, ina bhfuil criosanna adhmaid atá déanta go simplí ar fud na háite.

Tá olluaigh aimsithe ag na hÚdaráis san Úcráin, ina bhfuil na céadta corp curtha, a deir siad. Thángthas ar na huaigheanna in Izium, cathair atá athghafa ag fórsaí na hÚcráine ón Rúis le seachtain anuas. Tá Uachtarán Zelensky na hÚcráine ag cur na n-uaigheanna in Izium i gcomparáid leo siúd a dtángthas orthu sna cathracha Bucha agus Mariupol roimhe seo.

"Táimid ag iarraidh go mbeidh an domhan mór ar an eolas", a dúirt an tUachtarán Zelensky, "faoin sléacht atá déanta ar mhuintir na tíre seo ag an Rúis."

Níl sé deimhnithe go fóill cé mhéad corp atá san olluaigh, ná céard a ba chúis le bás na marbh.

I dtuvít a foilsíodh aréir, chuir ceann foirne an Uachtaráin Zelensky, Andriy Yermak, dúnmharú i leith na Rúiseach. Agus phostáil sé grianghraf de choill, ina raibh criosanna adhmaid a bhí déanta go simplí ar fud na háite.

Dúirt Andriy Yermak go raibh na coirp ar fad le baint as na huaigheanna, agus go ndéanfaí scrúdaithe fóiréinseacha orthu.

Dúirt oifigeach de chuid na bpoilíní réigiúnacha san Úcráin, Sergei Botvinov, le Sky News go raibh thart ar 440 corp san olluaigh. Thug sé le fios go bhfuair cuid acu bás de bharr a scaoilte agus gur maraíodh cuid eile in ionsaithe sliogán.