Tá imní léirithe ag Cónaidhm Óstóirí na hÉireann faoi thuairimíocht láidir go bhfuil an rialtas leis an ráta speisialta Cáin Bhreisluacha (CBL) a ardú ó 9% go dtí an ráta a bhí ann ann roimh an phaindéim, 13.5%. Deir úinéirí óstán go ndéanfadh ardú dá léithéid damáiste d'acmhainn iomaíochta na tíre sa mhargadh turasóireachta náisiúnta agus idirnáisiúnta.
I rith na paindéime tugadh isteach ráta speisialta Cáin Bhreis Luacha do óstáin, bialanna agus tithe tábhairne le cuidiú leo, ach tá achan chosúlacht air go bhfuil an rialtas leis an ráta sin a ardú arís sa Bhuiséad - chomh hard b'fhéidir leis an tseanleibhéal 13.5%.
Tá an tuairimíocht seo ag cur imní mhór ar lucht fáilteachais.
Deir Paul Gill, atá ina úinéir ar Claregalway Hotel i gCo. na Gaillimhe, gurb é an cinneadh ceart an ráta a choinneáil ag 9%: "Seo an rud ceart le déanamh ó thaobh margaíocht idirnáisiúnta, chun Éirinn a choinneáil iomaíoch sa mhargadh sin. Dhéanfadh sé damáiste don tionscal an ráta a ardú ar ais chuig 13.5%."
Deir óstóir i gCorcaigh go gcuirfeadh ardú chuig 13.5% brú breise ar thionscal atá ag streachailt le custaiméirí a mhealladh nuair atá luach gach rud eile ag dul go dtí’n spéir.
Deir Brian Búdhlaeir, atá ina uachtarán ar Institiúid Fáilteachais na hÉireann, go gcuirfeadh ardú mar seo brú mór ar an tionscal:
"Má théimid ar ais chuig ráta CBL 13.5%, beimid ar cheann de na tíortha is airde san Eoraip seachas tír amháin eile. San am seo, nuair atá praghasanna ag ardú - cumhacht, gás agus leictreachas imithe in airde nach mór 100%, tá praghas bia agus dí imithe in airde 20% nó níos mó. Níl aon stop leis. Anseo i gCocraigh, táimid le beár, bialann agus margadh bia a oscailt den chéad uair an tseachtain seo chugainn, agus táimid neirbhíseach anois agus praghasanna ag dul in airde agus gan aon stop leo."
Ag cruinniú réamhbhuiséid le hionadaithe ón tionscal le gairid, léirigh an tAire Airgeadais, Paschal Donohue, a mhíshástacht le hóstóirí, a mhaigh sé, a bhí ag ardú praghsanna go míréasúnta. Dúirt sé le lucht óstán gur chuidigh an Rialtas go mór leis an tionscal le linn na géarchéime sláinte le cúpla bliain anuas agus go bhfuil díomá air nach bhfuil daoine atá ag iarraidh saoire a chaitheamh sa tír seo ag fáil luach maith ar a gcuid airgid.
Is cosúil gur chuir roinnt ball de pháirtí parlaiminteach Fhianna Fáill go láidir in éadan an ardaithe ag cruinniú a bhí acu aréir.