skip to main content

Turas eisceachtúil ag Corn an Aga Khan go Co. an Chláir

Michael Blake, Chef d'Equipe fhoireann na hÉireann i gCorn an Aga Khan, ina bhaile dúchais inné lena chomhghleacaithe foirne Max Wachman agus Cian O'Connor.
Michael Blake, Chef d'Equipe fhoireann na hÉireann i gCorn an Aga Khan, ina bhaile dúchais inné lena chomhghleacaithe foirne Max Wachman agus Cian O'Connor.

Bhí ócáid speisialta i dTuaim Gréine in oirthear Chontae an Chláir aréir nuair a cuireadh fáilte abhaile roimh bhainisteoir fhoireann Seóléimneach Capall na hÉireann agus Corn an Aga Khan ina ghlaic aige.

Is as Tuaim Gréine do Mhichael Blake, chef d'équipe fhoireann na hÉireann a bhuaigh Corn na Náisiún agus trófaí an Aga Khan ag Seó Capall Bhaile Átha Cliath san RDS an mhí seo caite.

Déanta d'ór atá corn an Aga Khan agus ní ligtear dó an RDS a fhágáil seachas i gcásanna eisceachtúla. Ach d’éirigh le Michael Blake a chur na luí ar na h-údaráis gurbh fhiú an Corn a ligean amach don ócáid seo.

Bhailigh slua i lár an bhaile aréir d’ócáid chathartha chun fáilte a chuir roimh Mhichael agus roimh an gcorn óir luachmhar.

I dteannta Mhichael Blake bhí Cian O’Connor agus Max Wachman, beirt den cheathrar eile marcach a bhí ar fhoireann na hÉireann.

Dúirt Michael aréir gur aisling a bhí riamh aige Corn an Aga Khan a bhuachaint agus a thabhairt abhaile agus gur cúis mhór bróid dó ócáid na h-oíche aréir agus an slua a bhí tagtha amach. Fuair a athair féin bás cúpla bliain ó shin agus dúirt Michael go mbeadh sé ana-shásta agus bródúil as an ócáid.

Dúirt Geraldine McNamara as Tuaim Gréine go raibh Michael ar scoil ina teannta agus gur cúis bróid dóimh sa cheantar a bhfuil bainte amach ag Michael Blake.

Dúirt Denis Duggan, Príomhfheidhmeannach Eachspórt Éireann "nach bhfuil Corn an Aga Khan ar nós coirn eile mar nách bhfuil cead é a thógaint as an RDS. Cé go mbíonn coirn ar nós an Liam McCarthy agus an Sam Maguire ag dul timpeall na tíre, níl cead ag an bhfoireann a bhuann é an corn a thógaint leo go dtí pé tír a bhuann é. Mar sin is oíche an-speisialta agus stairiúil í seo."

Chuir Michael Blake clabhsúr le imeachtaí oifigiúla na h-oíche le bhéarsa den amhrán a ba ansa lena athair, Danny Boy.