skip to main content

Téarma príosúin 7 mbliana gearrtha ar fhear, faoi go raibh an gunna a mharaigh Lyra McKee ina sheilbh

Lámhachadh agus maraíodh Lyra McKee i nDoire in Aibreán 2019
Lámhachadh agus maraíodh Lyra McKee i nDoire in Aibreán 2019

Tá téarma príosúin 7 mbliana gearrtha ar fhear, faoi go raibh an gunna a mharaigh Lyra McKee ina sheilbh.

Lámhachadh agus maraíodh Lyra McKee, le linn círéibeacha i gceantar an Chreagáin i nDoire ar an 18 Aibreán 2019.

29 bliain d'aois a bhí an t-iriseoir a maraíodh.

Lyra McKee

Níos túisce i mbliana, phléadáil Niall Sheerin, 29 bliain d'aois, as Doire, ciontach as gunna agus armlón a bheith ina sheilbh aige.

Gearradh pianbhreith air inniu le linn éisteachta chúirte i mBéal Feirste.