skip to main content

Próiseas ar bun ag Co Co Átha Cliath Theas ag lorg tairiscintí le ainm nua a thabhairt ar Staid Thamhlacht.

Tá Ruagairí na Seamróige i Staid Thamlachta ó 2009.
Tá Ruagairí na Seamróige i Staid Thamlachta ó 2009.

Tá próiseas tosaithe ag Comhairle Chondae Bhaile Átha Cliath Theas ag lorg tairiscintí le ainm nua a thabhairt ar Staid Thamhlachta.

Ar an bpáirc sin a bhíonn Ruagairí na Seamróige agus foireann náisiúnta na mban ag imirt cluichí sacair agus iad ar a bhfód féin. Is ann chomh maith a bhíonn foireann náisiúnta sacair Faoi-21 na bhfear.

Denise O'Sullivan na hÉireann i lár an aonaigh i dTamhlacht

Láthair na huaire tá €11.5 milliún á chaitheamh ag an gComhairle le píosa á chur leis an staid le go mbeidh sé in ann 10,000 lucht leanúna a ghlacadh lá cluiche.

Tá sé beartaithe chomh maith coirmeacha ceoil agus imeachtaí eile a eagrú ann, ag a mbeadh slua 20,000 ceadaithe.

Deir an Chomhairle go mbeidh buntáistí go leor le baint amach ag an ngnó a shaothraíonn na ceartanna brandála ó thaobh poiblíochta, díol ticéad agus saothrú ó dhíolachán eile.

I gcomhar leis an gcuideachta Core Sponsorship atá an Chomhairle i mbun an phróiseas tairisceana.

An bainisteoir Brian Lohan ag gríosadh na gCláiríneach ar an taobhlíne i Staid Semple

Tá rabharta brandála ar bun ar bhonneagar spóirt na tíre le blianta beaga anuas, gan é i bhfad ó baistíodh FBD Holdings ar Staid Semple, fód na hiománaíochta i nDúrlas Fhéile.