skip to main content

Deir Chris Heaton-Harris gur bhfearr leis ceist an Phrótacail a shocrú tré chomhráití ach go bhfeidhmeofar reachtaíocht "más gá".

Státrúnaí nua Thuaisceart Éireann Chris Heaton-Harris.
Státrúnaí nua Thuaisceart Éireann Chris Heaton-Harris.

Deir Státrúnaí nua Thuaisceart Éireann Chris Heaton-Harris gur bhfearr leis ceist an Phrótacail a shocrú tré chomhráití ach dúirt sé freisin go bhfeidhmeofar reachtaíocht ar an gceist "más gá".

Aréir a cheap Príomhaire nua-thofa na Breataine Liz Truss Chris Heaton-Harris sa bpost ó thuaidh.

Ar maidin d'fhreagair sé ceisteanna an chéad uair ina ról nua.

Tá Chris Heaton-Harris go mór i bhfábhar Brexit agus é ina Chathaoirleach le 6 bliana anuas ar an European Research Group – an grúpa d'fheisirí parlaiminte sa bPáirtí Caomhach a bhí i mbun feachtais ar son na Breatimeachta.

Dúirt sé go mbeadh sé ag impí ar na páirtithe polaitiúla i dTuaisceart Éireann feidhmeannas a bhunú i Stormont, feidhmeannas nach bhfuil ann mar gheall go bhfuil an DUP ag diúltú dó, go ndéanfar athruithe ar an bPrótacal.

Cuireadh go leor ceisteanna ar Chris Heaton-Harris faoin mbille conspóideach ar an ábhar atá ag dul tríd Westminster agus cuireadh ceist air an bhfeidhmeofaí an reachtaíocht gan mhoill.

D’fhreagair sé gur bhfearr leis go socrófaí Ceist an Phrótacail tré chomhráití ach níor chuir sé an reachtaíocht chonspóideach as an áireamh.

Chuir Ceannaire an DUP, an feisire parlaiminte Jeffrey Donaldson fáilte roimh cheapúchán Chris Heaton-Harris agus d'iarr sé air gníomhú láithreach ar Phrótacal Thuaisceart Éireann.

Dúirt Leas-Uachtarán Shinn Féin Michelle O’Neill go bhfuil freagracht ar Chris Heaton-Harris an Feidhmeannas a chur ag obair láithreach.

Idir an dá linn i dTeach na dTeachtaí tráthnóna dúirt Liz Truss go n-oibreodh sí le gach uile páirtí le réiteach a fháil ar cheist an Phrótacail le gur féidir rialtas a bhunú.

Deir an tAire Gnóthaí Eachtracha Simon Coveney gur chóir do bhunú an Fheidhmeannais a bheith ar an gcéad chloch ar pháidrín Chris Heaton-Harris.

Táthar ag súil leis an Státrúnaí nua sa Tuaisceart amárach.