skip to main content

Teipthe ar an ngiúiré teacht ar bhreithiúnas i dtriail Ryan Giggs

Teipthe ar ghiúiré teacht ar bhreithiúnas i gcás Ryan Giggs
Teipthe ar ghiúiré teacht ar bhreithiúnas i gcás Ryan Giggs

Scaoileadh an giúiré i dtriail Ryan Giggs abhaile agus teipthe orthu teacht ar bhreithiúnas maidir le haon cheann don trí chúis a bhí curtha ina leith sa triail i dtaca le foréigean baile a mhair 4 seachtaine.

Shéan an t-iar imreoir agus iar-bhainisteoir sacair, Ryan Giggs, go raibh modhanna comhéigneacha iompair ar bun aige i gcoinne a iar-pháirtí Kate Greville, 38 bliain d'aois idir Lúnasa 2017 agus Samhain 2020.

Shéan Giggs gur ionsaigh sé Kate Greville, go ndearna sé díobháil choirp di agus gur d'ionsaigh sé a deirfiúr Emma Greville, 26 bliain d'aois.

Bhí an giúiré ag Cúirt Chorónach Mhancain i mbun macnaimh ar feadh 22 uair an chloig agus 59 noiméad sula tugadh ar ais isteach i seomra na cúirte iad ag 3.04pm.

Fiafraíodh dóibh an raibh siad tagtha ar bhreithiúnas maidir le haon cheann do na cúiseanna atá curtha i leith Ryan Giggs agus dúirt an príomhghiúróir nach raibh.

Ghabh an Breitheamh Hilary Manely buíochas leo agus scaoil sí an giúiré abhaile.

Thug sí foláireamh do bhaill an ghiúiré gan an cás a phlé mar go bhfuil seans ann go mbeadh cás cúirte eile ann amach anseo.