skip to main content

Dara Calleary ceapaithe ina Aire Stáit sa Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta in áit Robert Troy a d'éirigh as

Dara Calleary ceapaithe ina Aire Stáit in áit Robert Troy
Dara Calleary ceapaithe ina Aire Stáit in áit Robert Troy

Tá an Teachta Dála ó Mhaigh Eo, Dara Calleary ceapaithe ina Aire Stáit sa Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta in áit Robert Troy a d'éirigh as an tseachtain seo caite.

Thug an chomh-aireacht a mbeannacht don gceapachán ar maidin. Tuigtear go rachaidh an Teachta Calleary i mbun oibre ina ról nua láithreach.

An TD Dara Calleary

Bhí Dara Calleary mar rogha na coitiantachta chun teacht i gcomharbacht ar Robert Troy a d'éirigh as an tseachtain seo caite.

D'éirigh Robert Troy as na dualgais ar fad a bhí aige san aireacht stáit do chúrsaí Fiontar, Trádála agus Fostaíochta toisc nár thug sé cuntas beacht cruinn maidir leis na sealúchais ar fad a bhí aige.

Robert Troy

Bhí Dara Calleary mar ionadaí ar Mhaigh Eo i nDáil Éireann ó 2007 agus bhí roinnt rólanna éagsúla aige sa Rialtas le linn an ama sin.

Bhí sé ina Aire Stáit sa Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta ó 2009 go dtí 2011 agus bhí sé ina Aire Stáit i Roinn an Taoisigh chomh maith.

Bhí an Teachta Calleary ina Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, ina Phríomh-Aoire agus ina Aire Stáit do chúrsaí Gaelachta, Gaeilge agus Spóirt.

Dúirt an Taoiseach inniu go bhfuil ana chuid taithí ag Dara chun an ról nua seo a chomhlíonadh agus é sa Roinn sin cheana. Dúirt sé gur oibrí gairimiúil agus díograiseach atá i Dara Calleary agus go gcabhróidh sé go mór le gnólachtaí Éireannacha deileáil leis na dushláin a bheidh rompu.

Dúirt an Teachta Calleary go bhfuil sé ag súil le dul i mbun oibre ar an bpointe, ag togáil ar an obair mhór atá déanta ag Robert Troy sa Roinn.

Dúirt sé go bhfuil Roinn lán le daoine a bhíonn ag obair go cruaidh agus go bhfuil sé ag súil go mór a bheith ag obair ina dteannta.

Dúirt an Teachta Calleary gur onóir mhór atá ann do agus go bhfuil sé ana bhuíoch dá theaghlach, dá chuid comhghleacaithe, dá lucht tacaíochta agus don lucht vótála ina dháilcheantar féin dá gcuid tacaíochta.