skip to main content

Ómós léirithe do Mikhail Gorbachev, iarcheannaire ar an Aontas Sóivéadach atá tar éis bháis

Ómós léirithe do Mikhail Gorbachev atá tar éis bháis
Ómós léirithe do Mikhail Gorbachev atá tar éis bháis

Tá teachtaireachtaí ómóis léirithe ag ceannairí polaitíochta ar fud an domhain mhóir do iarcheannaire an Aontais Shóivéadaigh, Mikhail Gorbachov a bhásaigh inné. Bhí sé 91 bliain d'aois.

Bhí Mikhail Gorbachev i gceannas sa Rúis idir 1985 agus 1991. Chabhraigh a chuid polasaithe le deireadh a chur leis an gCogadh Fuar.

Dúirt an Taoiseach Micheál Martin go raibh Mikhail Gorbachev ar dhuine do na daoine is suntasaí ó thaobh na polaitíochta a bhí ann, déanach sa 20ú haois.

Dúirt Uachtarán na Comhairle Eorpaigh, Ursula von der Leyen gur chabhraigh polasaithe Gorbachev chun ''Eoraip saor'' a chruthú.

Dúirt Uachtarán na Stát Aontaithe, Joe Biden gur fear a raibh fís den scoth aige a bhí i Gorbachev, duine a raibh muinín aige chun a ghairm bheatha féin a chur i mbaol ar mhaithe le todhchaí níos fearr a bhaint amach. Dúirt sé gur ceannaire neamhchoitianta a bhí ann agus go raibh an domhan níos sábháilte dá bharr.

Dúirt Ard-Runaí na Náisiún Aontaithe António Guterres gur d'athraigh Gorbachev cúrsaí staire.

Ceannaire cumhachtach a bhí ann agus bhí an-tionchar aige ar chúrsaí. D'athraigh na leasuithe a rinne sé an Rúis ó bhonn.

Bhásaigh Mikhail Gorbachev san ospidéal i Moscó i ndiaidh do a bheith breoite le tamall fada.