Deir Aire Gnóthaí Eachtracha na Pacastáine go bhfuil breis is 1,000 duine marbh ag tuilte sa Phacastáin.
Deir sé freisin go bhfuil breis is 30m duine thíos ag na fuarlaigh móra seo de thoradh titim throm báistí.
Thug sé le fios go mbeadh suas le milliún campa ag teastáil ar mhaithe le teacht i gcabhair ar dhaoine ar scriosadh a dtithe cónaithe.
Tá na seirbhísí éigeandála ar a ndícheall i gcónaí ag iarraidh teacht ar dhaoine i gceantair iargúlta atá sáinnithe de bharr na tubaiste.