Is é inniu Lá Náisiúnta na hÚcráine a dhéanann comóradh ar neamhspleáchas na tíre sin ón Rúis.
Tharla sin 31 bliain ó shin cothrom an lae inniu.
Cothrom an lae inniu freisin 6 mhí ó shin a thug an Rúis ionradh faoin Úcráin agus tá sé ina chogadh dearg thall ann ó shin.
Tá na mílte síbhialtach maraithe agus suas le aon trian de phobal na hÚcráine i ndiaidh an tír a fhágáil agus dul ar a dteitheadh thar lear.
Tá dianshlándáil i bhfeidhm sa tír agus níl aon chead ag pobal na tíre teacht le chéile sa phríomhchathair Cív mar go bhfuil imní ann go bhféadfadh an chathair teacht faoi ionsaí.
Dúirt Uachtarán na hÚcráine,Volodymyr Zelenskiy inniu nach ngéillfeadh a thír do Rialtas na Rúise choíche agus go dtroidfidh na hÚcránaigh go bás.
Anseo in Éirinn, tá imeachtaí ar bun freisin chun neamhspleáchas na hÚcráine a chomóradh.
Reachtáilfear an príomhcheann i mBaile Átha Cliath agus beidh cinn freisin i gcathracha Chorcaí, na Gaillimhe agus Chill Chainnigh i measc áiteanna eile.