Tá leithscéal gafa ag an Aire Stáit Robert Troy faoi nár chláraigh sé maoin dá chuid ar an gClár Leasanna Comhaltaí.

An tAire Stáit Robert Troy

Tá an clár anois curtha ina cheart aige agus dúirt sé nár thuig sé go raibh dualgas air maoin a díoladh le linn na bliana a chlárú.

Dúirt an Taoiseach Micheál Martin tráthnóna go nglacann sé leis an míníú atá tugtha ag an Aire Troy ar an scéal.