Tá iarrtha arís ag Ceardchumann na nOibrithe Bus agus Iarnróid (NBRU) go mbúnófaí aonad póilíneachta a bheadh dírithe ar an gcóras iompair phoiblí.

Le roinnt seachtainí anuas ionsaíodh cúig thiománaí agus b'éigean do roinnt acu sin cóir leighis a fháil san ospidéal.

Seo ceann de na cúiseanna go dteastaíonn ó Cheardchumann na nOibrithe Bus agus Iarnróid aird a tharraing arís ar an n-iarratas.

Deir Tom O'Connor, Ard-Rúnaí Cúnta an NBRU, go bhfuil ardú ar iompraíocht fhrithshóisialta.

Dúirt an Tánaiste Leo Varadkar gur cheart go n-aireódh daoine sábháilte ar an gcóras iompair phoiblí agus gur cheart go mbeadh tuilleadh Gardaí ag staisiúin traein agus bus.

Deir na Gardaí nach bhfuil sé ar intinn acu ag an bpointe seo aonad póilíneachta a bhúnú.