Déanfar gach is féidir leis na deacrachtaí atá le Prótacal Thuaisceart Éireann a réiteach.

Sin é atá geallta ag an mbeirt pholaiteoirí atá san iomaíocht do phost an Cheannaire ar an bPáirtí Caomhach sa mBreatain.

Bhí Liz Truss, rúnaí gnóthaí eachtracha na Breataine agus Rishi Sunak, iarshainsailéir na Breataine i mbun stocaireachta i mBéal Feirste níos luaithe inniu.

Thug rúnaí gnóthaí eachtracha na Breataine Liz Truss cuairt ar Bhéal Feirste inniu

Thug An t-iarsheansailéir Rishi Sunak cuairt ar Bhéal Feirse inniu


Tá thart ar 600 ball ag an bpáirtí i dTuaisceart Éireann agus deis acu inniu Liz Truss agus Richi Sunak a cheistiú faoi mhórcheisteanna sa taobh sin tíre.

In óstán taobh amuigh de Bhéal Feirste a bhí an bheirt iomaitheoir sa rás do cheannairacht pháirtí Caomhach na Breataine. Protocál Thuaisceart Éireann is mó a bhí faoi chaibidil.

Maidir leis an ghéarchéim ag Stormont d'aontaigh an bheirt nach mbeidh Feidhmeannas ann go dtí go réiteofar an protocál.