skip to main content

Ionsaí ar údar cáinte, "mar a cháin muid ionsaí" Charlie Hebdo.

Slaman Rushdie, 75, anois "ag análú gan cuidiú meaisín"
Slaman Rushdie, 75, anois "ag análú gan cuidiú meaisín"

Tá an Dr Umar Al-Qadri, an cathaoirleach ar Chomhairle Moslamach na hÉireann, tar éis an t-ionsaí a déanadh ar an údar Salman Rushdie i Meiriceá an tseachtain seo caite a cháineadh, agus deir sé gur ionann é agus an t-ionsaí a déanadh ar oifigí an irisleabhair Charlie Hebdo sa bhFrainc.

Bhí alltacht ar an Dr Al-Qadri a deir sé nuair a chuala sé faoin ionsaí i Nua-Eabhrac. Níl ciall ná réasún leis a deir sé, agus níl bonn cirt riamh faoi ghabháil i mbun foréigin i gcás aortha próis.

An Dr Al-Qadri

Is ceart do Mhoslamaigh a deir an Shaykh gan áird ar bith a thabhairt ar a leithéid de mhasla, mar atá molta san Qur'an.

Níor aontaigh sé féin, ná mórchuid Moslamach ar fud na cruinne a dúirt sé, leis an fatwa a bhí eisithe ag an Ayatollah Khomeini in aghaidh scríobhneoir an úrscéil "The Satanic Verses" i 1989. Gníomh polaitiúil a bhí ann a dúirt sé, tráth a raibh teannas an-ghéar idir an Iaráin agus na Stáit Aontaithe.

Tá an Iaráin inniu "ag séanadh go neamhbhalbh" a deir siad go raibh aon bhaint acu leis an bhfear a sháigh an scríbhneoir. "Ar an údar féin atá an locht" a deir Roinn Gnóthaí Eachtracha na hIaráine.

Sáthadh an t-údar ag ócáid liteartha i stát Nua-Eabhrac Dé hAoine. Chuaigh sé faoi scian agus cuireadh ar mheaisín anála é, ach tá sé anois in ospidéal i Pennsylvania a deir a mhuintir agus é ag tarraingt anála é féin.

"Tá dhá mhíle milliún Moslamach ar fud an domhain" a deir an Dr Al-Qadri. "Is mór an feall agus is bocht an scéal é gur ionsaigh gealt Salman Rushdie agus go bhfuil sé féin agus a theaghlach ag fulaingt arís. Beidh daoine ag ceapadh go n-aontaíonn Moslamaigh lena leithéid. Ní aontaíonn. Cáineann muid an t-ionsaí seo, mar a cháin muid an t-ionsaí a déanadh ar Charlie Hebdo."