Léiríonn figiúirí nua ón bPríomhoifig Staidrimh go bhfuil líon na bhfeithiclí leictreacha agus feithiclí hibrideacha ar bóthar ag fás go leanúnach.

Sa gcéad 7 mí den bhliain cláraíodh 10,105 feithicil den chineál sin, 79% d'ardú i gcomparáid leis an seal céanna anuraidh, nuair a cláraíodh 5,649.

Idir an dá linn tá líon na gcarranna nua díosail ag laghdú: 20,931 go dtí seo i mbliana le hais 27,754 go deireadh mhí Iúil anuraidh.

Feithiclí leictreacha iad 21% den iomlán atá cláraithe i 2022. 14% a bhí ann an t-am seo anuraidh.

Sa n-iomlán tá líon na gcarranna nua a cláraíodh mí Iúil tar éis laghdú 25% le 12 mí anuas: breis is 20,000 a bhí, 2021; 15,000 anois.

Carranna den déanamh Toyota (2,592 cláraithe mí Iúil) an branda is mó sa tír ó thaobh feithiclí nua príobháideacha, ansin Volkswagen (2,084), Hyundai (1,831), Kia (1,098), agus Skoda (1,080).

Idir an 5 déanamh sin atá beagnach 60% de na carranna nua a cláraíodh an mhí seo caite.