Tuairiscítear leoraithe lán breosla a bheith ligthe isteach i ndeisceart Ghaza ag na hIosraelaigh ar maidin ó cuireadh i ngníomh aréir sos comhraic idir iad agus Jiohád Ioslamach na Palaistíne.

Bhí an t-aon ionad ginte cumhachta i nGaza díomhaoin de cheal breosla ón Satharn tar éis do na hIosraelaigh na bóithre isteach san iamhchríoch a dhúnadh.

Deir na húdaráis i nGaza gur maraiodh 44 duine - cúig pháiste dhéag ina measc - agus gur donaíodh 360 de bharr ionsaithe buamála na nIosraelach ar an limistéar Palaistíneach idir an Aoine agus inné.

Tuairiscítear chomh maith gur gortaíodh triúr nuair a scaoil Jiohád Ioslamach na céadta roicéad le lonnaíochtaí in Iosrael. Deirtear gur bhain mionghortuithe do 31 eile agus iad ag teitheadh ón tuairgneáil.

Cuireadh an sos comhraic i bhfeidhm ag 11.30 aréir tar éis do na hÉigiptigh eadráin a dhéanamh idir na hIosraelaigh agus Jiohád Ioslamach.

Ghabh Uachtarán na Stát Aontaithe Joe Biden buíochas le Rialtas na hÉigpite as áitiú ar an dá namhaid teacht ar chomhaontú.

Thug na hIosraelaigh agus Jiohád Ioslamach araon le fios, áfach, go rachaidís i muinín an fhoréigin arís gan leisce dá laghad dá sáródh dream den dá dream an sos comhraic.

Tá barr ar dhá mhilliún duine ina gcónaí i nGaza agus a mbunáite i gcruatan leis na blianta marbha mar gheall ar easpa saorghluaiseachta agus mírialú, gan trácht ar fhoréigean.