Tuairiscítear go bhfuil diúracáin bhalaistíocha scaoilte ag fórsaí míleata na Síne sna huiscí thart ar an Téaváin, mar a bhfuil siad i mbun inlíochtaí.

Maíonn Rialtas na Téaváine go sáraíonn na hinlíochtaí rialacha na Náisiún Aontaithe, agus gur ionradh ar chríoch na Téaváine agus bagairt ar shaorghluaiseacht bád agus eitleán atá iontu.

Thug na Téavánaigh le fios freisin gur haiceáladh suímh ghréasáin Roinn Cosanta, Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Oifig Uachtaráin na Téaváine ar maidin inniu.

Tuairiscítear go bhfuil longa míleata an dá thír ar aghaidh a chéile amach i gCaolas na Téaváine agus go bhfuil folach bíog á dhéanamh ag scairdeitleáin an dá thaobh ar a chéile chomh maith.

Seolbhealach idirnáisiúnta fíorthábhachtach is ea Caolas na Téaváine atá 130 ciliméadar ar leithead san áit is caoile ar fad.

Baineann mustar na Síneach leis an gcuairt a thug an polaiteoir sinsearach Meiriceánach Nancy Pelosi ar an Téaváin inné.

Chuir an chuairt sin círín comhraic ar na Sínigh, go háirithe ó thug siad fógra roimh ré do Nancy Pelosi gan teacht chun na tíre.

Gheall Nancy Pelosi le linn a cuairte nach dtréigfeadh na Stáit Aontaithe an Téaváin go brách.

Breathnaíonn na Sínigh ar an Téaváin mar chuid de mhórchríoch na Síne agus táthar imníoch go bhfuil rún acu an t-oileán a fhorghabháil amach anseo.