Den tríú huair ó reáchtáileadh toghchán Thionól Stormont i mí na Bealtaine, theip ar iarracht ceann comhairle ar an tionól a thoghadh inniu.
Dá dtoghfaí ceann comhairle, bheifí ábalta Céad-Aire agus LeasChéad Aire a cheapadh fosta.
Tá an milleán faoin mheadráil pholaitiúil á chur arís ar an DUP de bhrí nach bhfuil an páirtí sin sásta a bheith bainteach le himeachtaí an tionóil nó go réiteofar ceist Phrótacal an Tuaiscirt de réir a dtéarmaí féin.
Ba é an SDLP a d'iarr go dtiocfadh feisirí an tionóil le chéile arís i Stormont le ceann comhairle a cheapadh.
Chuir an páirtí sin a n-ionadaí féin Patsy McGlone chun tosaigh don phost agus súil acu "rud beag céille a bheith ag an DUP" i dtaobh an scéil.
Ag labhairt dó le Nuacht RTÉ, thug Patsy McGlone le fios go bhfuil an pobal ag iarraidh ar na polaiteoirí teacht le chéile le ceisteanna móra eacnamaíochta atá ag cur as do ghnáthdhaoine a réiteach:
"Tá daoine ag teacht chuig ár gcuid oifigí gan morán airgid acu, tá praghas ola ag ardú, praghas earraí ag ardú, [agus tá siad] ag fiafraí cad is féidir linn a dhéanamh.
"Tá na milliúin punta ar fáil tríd an bhuiséad anseo ag Stormont don fheidhmeannas agus níl an DUP toilteanach dul isteach san fheidhmeannas agus é a roinnt i measc na ndaoine.
"Fúthu féin atá sé [ach] tá ag teip orainne de bharr an DUP."
Mhaígh Declan Kearney ó Shinn Féin gur cur chuige meargánta atá ag an DUP agus nach bhfuil baint ar bith aige le ceist an phrótacail:
"Chuir mé dhá cheist shuntasacha ar chomhaltaí an DUP an t-am deireanach [a bhí na páirtithe i Stormont].
"An bhfuil siad dáiríre faoi chomhroinnt cumhachta leis na páirtithe eile sa tionól seo, agus an bhfuil siad fíorthiomanta do chur i gcrích Chomhaontú Aoine an Chéasta ina iomláine?
"Tá freagraí ar na ceisteanna sin á nochtadh de réir a chéile. Is léir do chách gur cuma sa tsioc leis an DUP faoi ghnáthdhaoine.
"Is é bun agus barr an scéil nach bhfuil an DUP i bhfách le comhroinnt cumhachta, mura bhfuil an DUP ag dul a bheith ar thús cadhnaíochta go huile agus go hiomlán."
Dúirt Paul Givan ón DUP go bhfuil an páirtí ag fanacht le Rialtas na Breataine an bille nua faoin phrótacal a achtú.