Tá cuairt an pholaiteora Mheiriceánaigh Nancy Pelosi ar an Téaváin cáinte go láidir ag Rialtas na Síne.

Spéicéir Theach Ionadaithe na Stát Aontaithe is ea Nancy Pelosi agus tá sí ar an bpolaiteoir Meiriceánach is sinsearaí le cuairt a thabhairt ar an Téaváin le cúig bliana fichead.

Tháinig sí chuig an Téaváin inné in éineacht le polaiteoirí eile ó Theach na nIonadaithe, d'ainneoin an fholáirimh a bhí tugtha ag Rialtas na Síne di gan cos a leagan ar an oileán.

I gcruinniú a bhí aici le hUachtarán na Téaváine Tsai Ing-wen, mhaígh Nancy Pelosi go bhfuil an Téaváin ar cheann de na sochaithe is saoire ar domhan agus gheall sí nach loicfeadh na Stáit Aontaithe ar an tír go brách.

In óráid a thug sí i bparlaimint na Téaváine, dúirt Nancy Pelosi go bhfuil deis ann anois an comhar eacnamaíochta idir na Stáit Aontaithe agus an Téaváin a neartú i bhfianaise reachtaíochta nua atá le rith i Washington go gairid.

Tá sé mar aidhm ag an reachtaíocht nua an earnáil slise i dtionscal teicneolaíochta na Stát Aontaithe a fhorbairt tuilleadh le fonn coinneáil leis an earnáil slise sa tSín a bhfuil an-fhorás tagtha uirthi le roinnt blianta.

In éiric ar an neamhaird a thug Nancy Pelosi ar a bhfoláireamh, tá na Sínigh tar éis dul i mbun oibríochtaí míleata sna huiscí timpeall na Téaváine.

D'fhógair na Sínigh chomh maith go bhfuil cosc curtha acu ar roinnt earraí talmhaíochta a iompórtáil ón Téaváin.

Breathnaíonn Rialtas na Síne ar an Téaváin mar chuid de mhórchríoch na Síne agus táthar imníoch go bhfuil rún acu an t-oileán a fhorghabháil amach anseo.