skip to main content

An scothdhealbhóir Clíodna Cussen tar éis bháis

Cliodhna Cussen
Cliodhna Cussen

Tá an dealbhóir, ealaíontóir agus údar cáiliúil Clíodna Cussen tar éis bháis agus deich mbliana agus ceithre scór caite aici.

B'as an gCaisleán Nua i gCo Luimnigh í Clíodna Cussen ó dhúchas agus chuaigh sí chuig an ollscoil i mBaile Átha Cliath agus i bhFlórans.

Is i mBaile Átha Cliath a chaith sí an chuid is mó dá saol, áit ar chruthaigh sí saothair ealaíne a bhain clú agus cáil náisiúnta agus idirnáisiúnta amach i gcaitheamh na mblianta.

Thar aon ní eile, is iad na dealbha cré-umha agus cloch a mhúnlaigh agus a shnoigh sí is mó a fhágann sí le huacht ó tá a lán acu crochta in áiteanna poiblí ar fud na tíre.

Áirítear ina measc an Chloch Fhada i gceantar Shráid an Phiarsaigh i mBaile Átha Cliath, Cé a Rinne an Domhan? i nDroichead na Dothra agus an dealbh de Naomh Pádraig i Mám Éan i gConamara.

An dealbh de Naomh Pádraig i Mám Éan

Scríobh sí leabhair ar ábhair ilghnéitheacha, léithéidí Inniu an Luan (1987); Soraidh Slán, a ghnóthaigh duais an Oireachtais (1993); Teacht na nGael go hÉirinn, athinsint ar imeachtaí Mhic Mhíle as Leabhar Gabhála Éireann (1995); Sifíní, bailiúchán filíochta (2001); Cath Chluain Tarbh (2003); Ar Dheisiúr na Gréine (2006) a bhuaigh duais an Oireachtais; agus An Eochair (2014).

Is í féin, ar ndóigh, a dhear na léaráidí dá saothair litríochta.

Bhí Clíodna Cussen pósta le bunaitheoir an chomhlachta foilsitheoireachta Coiscéim, an staraí Pádraig Ó Snodaigh, agus bhí seisear clainne acu.