Cáineadh go láidir Rúnaí Gnóthaí Eachtracha na Breataine Liz Truss - a cheaptar a bheas ina Príomh-Aire go gairid - i bhfianaise a ndúirt sí inné faoi Chéad-Aire na hAlban Nicola Sturgeon.
Chuir Liz Truss i leith Nicola Sturgeon gur ag iarradh aird a tharraingt uirthi féin a bhí sí agus reifreann ar neamhspleáchas na hAlban á éileamh aici.
Agus í ag labhairt le baill de Pháirtí Caomhach na Breataine in Exeter inné, dúirt Liz Truss gurbh fhearr neamhaird a thabhairt ar Nicola Sturgeon agus dhearbhaigh sí nach dtabharfadh sí a beannacht do reifreann ar neamhspleáchas na hAlban dá dtoghfaí ina Príomh-Aire í.
Tá Nicola Sturgeon ina ceannaire ar Pháirtí Náisiúnta na hAlban chomh maith le bheith ina Céad-Aire.
Dúirt urlabhraí ón bpáirtí sin gur ghránna an mhaise do Liz Truss caint den sórt sin a dhéanamh.
Thug LeasChéad-Aire na hAlban John Swinney le fios nár cheart glacadh dá laghad a bheith le ráite Liz Truss agus go gcuirfeadh a caint amaideach, mar a dúirt sé, déistin ar mhuintir na hAlban.
Ina cheann sin, ar sé, baineann a ndúirt Liz Truss inné an bonn dá maíomh féin go gcaithfí go cóir agus go cothrom le hAlban dá mbeadh sí ina Príomh-Aire.
D'fhógair Nicola Sturgeon cúig seachtaine ó shin go raibh rún ag Rialtas na hAlban reifreann ar neamhspleáchas na tíre a reáchtáil ar an 19 Deireadh Fómhair 2023.
Dúirt sí ag an am mura dtabharfadh Rialtas na Breataine cead an reifreann a reáchtáil go gcuirfí an cheist faoi bhráid Chúirt Uachtarach na Breataine.
Sa reifreann deireanach in 2014, vótáil 55.3% den phobal in aghaidh an neamhspleáchais agus 44.7% ar a shon.
Ó shin, áfach, d'imigh an Bhreatain as an Aontas Eorpach ach vótáil formhór mhuintir na hAlban i bhfabhar fanacht ann.
Is ar an mbonn sin, a deir náisiúnaithe, is cóir ceist an neamhspleáchais a chur ar Albanaigh arís.