skip to main content

An sceimhlitheoir Ayman al-Zawahiri maraithe ag na Meiriceánaigh

Ayman al-Zawahiri
Ayman al-Zawahiri

Tá sé deimhnithe ag na Meiriceánaigh gur mharaigh siad ceannaire na heagraíochta sceimhlitheoireachta al-Qaeda, Ayman al-Zawahiri, san Afganastáin inné.

Tuairiscítear gur maraíodh Ayman al-Zawahiri, a bhí 71 bliain d'aois, nuair a scaoileadh dhá dhiúracán leis ó dhrón agus é ina sheasamh ar bhalcóin a árais chónaithe i bpríomhchathair na hAfganastáine Cabúl ar maidin inné.

Deirtear go raibh daoine muinteartha le Zawahiri san áras cónaithe ag an am ach nár maraíodh ná nár leonadh aon duine acu mar gheall ar an ionsaí.

Máinlia de bhunadh na hÉigipte ab ea Ayman al-Zawahiri agus creidtear go raibh baint mhór aige leis na hionsaithe sceimhlitheoireachta sna Stáit Aontaithe ar an 11 Meán Fómhair 2001 ar maraíodh beagnach 3,000 duine dá mbarr.

Maítear freisin go raibh sé ar dhuine de na daoine a bhí freagrach as na hionsaithe buamála ar ambasáidí na Stát Aontaithe sa Chéinia agus sa Tansáin i 1998 agus ar long Mheiriceánach in Éimin in 2000.

Agus scéal a bháis á dheimhniú aige, dúirt Uachtarán na Stát Aontaithe Joe Biden gurb é seo an buille is mó a buaileadh ar al-Qaeda ó mharaigh fórsaí Mheiriceá bunaitheoir na heagraíochta Osama bin Laden in 2011.

Bhí Zawahiri ar troigh gan tuairisc ó 2001 agus bhí luach $25 milliún á thairiscint ag na Meiriceánaigh i ndíol ar fhaisnéis ina leith.

Tar éis nach raibh a fhios cén taobh a raibh sé go baileach, bhíothas riamh den tuairim go raibh sé ag cur faoi san Afganastáin nó sa Phacastáin.

Creideann na Meiriceánaigh gurbh fheasach don Talaban go raibh Zawahiri ina chónaí i gCabúl agus go go raibh cead tugtha acu dó dul aon áit arbh áil leis.

É sin ainneoin gur gheall an Talaban dhá bhliain go leith ó shin nach dtabharfaidís tearmann san Afganastáin do lucht al-Qaeda feasta choíche.

Tháinig an Talaban i gcumhacht arís san Afganastáin bliain ó shin ach ní aithníonn bunáite thíortha an domhain go hoifigiúil an rialtas nua.