Tá sé socraithe ag an Rialtas laghdú 25% a lorg ar astaíochtaí carbóin san earnáil talmhaíochta.
Ag tagairt don chinneadh, dúirt an t-iar Aire Talmhaíochta Michael Creed le Nuacht RTÉ/TG4 go dteastóidh scéim cúitimh shuntasach d'fheirmeoirí, má tá an laghdú úd le cur i bhfeidhm.
Bhí roinnt mhaith laethanta caite ag na páirtithe éagsúla sa Chomhrialtas ag plé na laghduithe seo i gcás na feirmeoireachta dhe.
Idir 22% agus 30% de laghdú faoin mbliain 2030 atá ag teastáil de réir Phlean Aeráide an Rialtais.
Deir an tAire Talmhaíochta, Charlie McConalogue gur 'dúshlánach an sprioc atá anseo ach go bhféadfaí é a bhaint amach'.
Deir an tAire Comhshaoil,Eamon Ryan go gcreideann sé gur chun tairbhe na bhfeirmeoirí tré chéile an socrú seo.
Deir Cumann Féirmeoirí Éireann (IFA) áfach gur 'mór an buille é seo d'fheirmeoirí agus d'eacnamaíocht na gceantar tuaithe'.