skip to main content

Teagascóir le dlí a chuaigh le callán na polaitíochta

Teagascóir le dlí a chuaigh le callán na polaitíochta
Teagascóir le dlí a chuaigh le callán na polaitíochta

Ba le teagasc an dlí in Ollscoil na Ríona,Béal Feirste a chuir David Trimble tús lena shaol gairmiúil siar sna 1970-idí.

Bhí sé ansin gur toghadh é ina Fheisire Parlaiminte i Westminster don Bhanna Uachtarach i 1990.

I nDeireadh Fómhair 1944 a rugadh William David Trimble.

Le linn a thréimhse in Ollscoil na Ríona, bhí sé sáite sa pholaitíocht, é luaite ar dtús leis an VPUP a raibh ceangal aige leis an bparamíleatachas.

I 1978 chuaigh sé le Páirtí Aontachtach Uladh (UUP) agus ba ar thicéad an pháirtí sin a toghadh mar fheisire é i 1990.

D'fhan sé mar fheisire go 2005.

I 1995 toghadh ina cheannaire é ar an UUP.

Le bunú Chomhthionól Stormont,toghadh Trimble mar Fheisire Tionóil i 1998, agus d'fhan sé mar fheisire go 2007.

Ba é Céad Aire an Tuaiscirt freisin é ar ndóigh i 1998, an chéad duine sa ról sin.

Bhí tréimhse an-challánach i ndán don Chomththionól sna luath-bhlianta, é ar fionraí go mion-minic de bharr easaontas, go háirithe ar cheist an díchoimisúnaithe.

D'éirigh Trimble as ceannasaíocht an UUP i 2005 nuair a theip air suíochán a bhaint amach in Olltoghchán na Breataine.

I 2006 ghlac sé le suíochán i dTeach na dTiarnaí sa Bhreatain.

I 2007 d'fhág sé páirtí an UUP agus ghlac sé ballraíocht i bPáirtí Caomhach na Breataine.