skip to main content

Ómós á léiriú d'iar-cheannaire an UUP David Trimble

David Trimble atá tar éis bháis
David Trimble atá tar éis bháis

Tá ómós á léiriú d'iar-cheannaire Pháirtí Aontachtach Uladh (UUP) David Trimble, atá tar éis bháis.

77 bliain d'aois a bhí an fear seo a toghadh ina Chéad Aire ar Chomhthionól Stormont i ndiaidh shíniú Chomhaontú Aoine an Chéasta i 1998.

Ba é an chéad pholaiteoir sa ról sin, é féin agus Seamus Mallon ón SDLP ag obair as lámha a chéile faoin chóras d'Hondt agus é mar aidhm acu 30 bliain d'ár agus foréigean i dTuaisceart Éireann a fhágáil taobh thiar díobh.

'Cróga' agus 'cinniúnach' an cur síos a bhí ag an Taoiseach ar David Trimble

Bronnadh Duais Nobel na Síochána air i 1998 mar aitheantas ar an obair a rinne sé ar mhaithe le Comhaontú Aoine an Chéasta thabhairt ar an saol.

An Taoiseach Bertie Ahern (ar chlé) le David Trimble

Dúirt an t-iar Thaoiseach Bertie Ahern gur mór an seans nach mbeadh aon Chomhaontú Aoine an Chéasta ann murach an obair a rinne David Trimble.

D'aontaigh iar-Phríomh Aire na Breataine,Tony Blair agus iar-Cheanaire Shinn Féin,Gerry Adams leis an ráiteas sin.

Ba é Bertie Ahern Taoiseach na linne i 1998.

'Cuimhneofar ar David Trimble mar dhuine a chaith a shaol ag obair gan staonadh don phobal agus ar son na síochána' a dúirt an tUachtarán Michael D Higgins.

Dúirt an Taoiseach Micheál Martin go raibh David Trimble cróga agus cinniunach maidir leis an mbealach a dtug sé síochán do Thuaisceart Éireann.

Maireann bean chéile David Trimble agus a gceathrar clainne.