Deirtear go bhfuil roinnt teannais idir páirtithe an Chomhrialtais maidir leis an mbealach is fearr le hastuithe carbóin a laghdú.
Níl aon chinnteacht ann de réir tuairiscí go dtiocfar ar chomhaontú faoin tseachtain seo chugainn.
Is ar an gCéadaoin seo ag teacht a bheidh an chéad chruinniú Rialtais eile.
Ceaptar áfach gur seans 50/50 anois é go mbeidh socrú ann faoin tráth sin.
Tá sé ráite go dtógfaidh sé ar a laghad cúpla lá eile le teacht ar réiteach.
Faoi Phlean Aeráide an Rialtais a foilsíodh anuraidh dúradh go gcaithfeadh feirmeoirí a gcuid astuithe a laghdú idir 22-30% sna blianta atá romhainn.
Teastaíonn ón gComhaontas Glas gur gaire do 30% an sprioc a bhainfí amach.
Tá an tAire Talmhaíochta, Charlie McConalogue ó pháirtí Fhianna Fáil sásta le sprioc níos ísle.
Dúradh freisin inniu go bhfuil níos mó ná astuithe ó thionscail na feirmeoireachta á bplé ag an gcruinniú.