Tá leacht cuimhneacháin agus dealbh den scríbhneoir aitheanta Máirtín Ó Cadhain nochtaithe ó thráthnóna sa Spidéal i gConamara,Co.na Gaillimhe.
Bhí an comóradh is deireanaí seo ar shaol agus shaothar an Chadhnaigh beartaithe do 2020,tráth a raibh an Cadhnach 50 bliain faoin bhfód.
Chuir an ghéarchéim sláinte as don dáta sin áfach agus shocraigh iontaobhas Uí Chadhain le cead na n-údarás an comóradh a chur ar bun inniu.
Ba ón gCnocán Glas sa Spidéal do Mháirtín Ó Cadhain agus bhain sé cáil náisiúnta agus idirnáisiúnta amach mar údar agus scríbhneoir.
Bhí aithne freisin air mar aistritheoir agus mar fhear acadúil agus ba mhinic é sáite i bhfeachtais pobail agus teanga.
Chaith sé seal freisin i ngéibhinn sa Churrach i gCill Dara de bharr a chlaonadh poblachtánaigh.