skip to main content

Omós léirithe don iar-theachta Kieran Crotty

Omós léirithe don iar-theachta Kieran Crotty
Omós léirithe don iar-theachta Kieran Crotty

Tá omós léirithe don iar-Theachta Dála de chuid Fhine Gael,Kieran Crotty a bhásaigh inné.

Bhí sé 91 bliain d'aois.

Chaith sé 30 bliain mar theachta do Cheatharlach-Cill Chainnigh ó toghadh ansin é chun na Dála den chéad uair i 1969.

Fear mór gnó a bhí ann freisin agus é an-sáite i gcúrsaí Chumann Lúthchleas Gael i gCill Chainnigh.

Bronnadh saoirse na cathrach sin air i 2015.

I measc na ndaoine a mhol obair an Uasail Crotty i gcaitheamh na mblianta bhí an Tánaiste Leo Varadkar agus an t-iar Thaoiseach John Bruton, beirt a dúirt gur ghníomhaigh sé gan staonadh ag obair ar son an phobail.

Maireann bean Kieran Crotty chomh maith le seisear clainne.