Bhí an sceitheadh gáis atá ag cur le téamh na cruinne beagnach 5% níos airde le bliain anuas de réir fhigiúirí sealadacha atá foilsithe ag an nGíomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil.
4.7% d’ardú a bhí i nÉirinn anuraidh le hais 2020, tráth a raibh "laghdú suntasach" ar an leibhéal de bharr shrianta Chovid a 19.
1.1% d’ardú atá i gceist i gcomparáid leis an saol sula dtáinig an aicíd.
Deir an Ghníomhaireacht go bhfuil a "thrí oiread" guail agus ola á dó le leictreachas a ghineadh agus go bhfuil baint mhór aige sin leis an ardú ar astasíochtaí.
17.6% d’ardú a tháinig in 2021 ar leibhéal na ngásanna á sceitheadh as earnáil an ghinte leictreachais.
In earnáil an iompair 6.1% d’ardú atá tarlaithe ó cuireadh deireadh leis na srianta sláinte, ach tá an leibhéal 10.5% níos ísle ná 2019.
3% d’ardú atá tagtha ar an sceitheadh de bharr na feirmeoireachta, - ardú an dara bliain as a chéile. Scaipeadh 5.8% sa mbreis leasú saorga le linn an ama sin agus cuireadh 2.8% sa mbreis le líon na mbeithígh bhainne sa tír. Tá méadú tagtha ar líon na mbeithíoch sin gach bliain le 11 bliain anuas.