Tá os cionn 500 duine tar éis bháis sa Spáinn sa tonn teasa a mhair 10 lá, a deir Príomh-Aire na Spáinne Pedro Sanchez.
Tá brothall an tsamhraidh ag cur isteach go mór ar chúrsaí sa Spáinn chomh maith le roinnt mhaith tíortha eile in Iarthar na hEorpa agus an teocht imithe chomh hard le 45C i roinnt reigiún an tseachtain seo caite agus na dosaein tinte sléibhe tosnaithe dá bharr.
Idir an dá linn sa Ghréig, táthar fós ag iarraidh tinte sléibhe a cheannsú sa tír sin agus stop a chur leis na tinte scaipeadh chomh fada le learg sléibhe ar imeall na hAithne.
Bhí nach mór 500 oibrí doiteáin, 120 feithichil, 3 eitleán agus 4 ingearán i mbun oibre ó mhoch maidine chun na tinte atá ag déanamh ar Gerakas, áit go bhfuil cónaí ar 29,000 duine, a cheannsú.