Tá an teocht os cionn 40 céim celsius sa Ríocht Aontaithe don gcéad uair riamh.
Deir oifig meitéareolaíochta na Breataine go raibh an teocht ag 40.2C ag Heathrow i Londain ag 11.50 ar maidin.
Chuir comhlachtaí traenach seirbhísí ar ceal agus tá roinnt scoileanna dúnta agus na hÚdaráis ag impí ar an bpobal fanacht sa bhaile.
Cuireadh eitiltí ag aerfort Luton ar ceal agus máchail ar an rúidbhealach agus tá an rúidbhealach leáite ag aerbhunáit aerfhórsa Ríoga Brize Norton.
Tá tonn teasa mór ar fud na hEorpa agus teocht an-ard feicithe i roinnt mhaith tíortha san Eoraip.
Tá seirbhísí éigeandála fós ag iarraidh tinte sléibhe a cheannsú in áiteanna áirithe sa Fhrainc, sa Spáinn, sa Ghréig, sa Phortaingéil agus sa Chroáit.
Meastar go bhféadfadh an teocht a bheith chomh hard le 41C i gcodanna áirithe d'oirthear Shasana inniu.
Deir saineolaithe gur athrú aeráide is cúis leis an aimsir dhainséarach seo agus go n-éireoidh cúrsaí níos measa sna blianta atá amach romhainn.