skip to main content

"Teochtaí thar an gCoitiantacht" tuartha - suas le 32C

Dé Domhnaigh, Luain agus Máirt, beidh an teocht idir 25C agus 32C i rith an lae. Deir siad leis go mbeidh sé thar a bheith té thar oíche freisin.
Dé Domhnaigh, Luain agus Máirt, beidh an teocht idir 25C agus 32C i rith an lae. Deir siad leis go mbeidh sé thar a bheith té thar oíche freisin.

Tá foláireamh eisithe ag Oifig na hAimsire maidir le "teochtaí thar an gcoitiantacht", a bheith in Éirinn ón deireadh seachtaine seo. Leanfaidh an tonn teasa go dtí lár na seachtaine seo chugainn.

Dé Domhnaigh, Luain agus Máirt, beidh an teocht idir 25C agus 32C i rith an lae. Deir siad leis go mbeidh sé thar a bheith té thar oíche.

D'eisigh siad rabhadh buí maidir le gach áit sa tír. Thug siad le fios go bhféadfadh daoine leochailleacha a bheith i mbaol.

Beidh an foláireamh i bhfeidhm ó 6am maidin Dé Domhnaigh go dtí 9pm Dé Máirt.

Táthar ag moladh do dhaoine a bheith an-chúramach faoin theas na gréine agus san uisce le linn an bhrothaill.

Tá sé tuartha go bhfillfidh ceathanna báistí ón gCéadaoin.