Scaoil poilíní deorghás le léirsitheoirí a thug ruathar faoi oifig an Phríomh-aire i bpríomhchathair Shrí Lanca, Colombo.
Scaoileadh deorghás leis na mílte léirsitheoir in iarracht iad a cheannsú.
Tá léirsitheoirí ag éileamh go n-éireodh Ranil Wickremesinghe as chomh maith leis an Uachtarán Gotabaya Rajapaksa.
Tá staid éigeandála anois fógartha i Srí Lanca agus an tUachtarán imithe ar a theitheadh lena theaghlach go dtí na hOileáin Mhaldíve.
Ceapadh Príomh-Aire na tíre Ranil Wickremesinghe ina Uachtarán eatramhach ach tá na léirsitheoirí ag iarraidh ar an mbeirt fhear éirí as.
Bhí oll-léirsithe ar siúl i Srí Lanca le roinnt míonna anuas maidir le géarchéim eacnamaíochta an oileáin.