skip to main content

"Sin mar a bhíonn!" - Boris Johnson maolchluasach ach stóchúil

Príomh-Aire na Breataine, Boris Johnson
Príomh-Aire na Breataine, Boris Johnson

Tá sé dearbhaithe ag Príomh-Aire na Breataine Boris Johnson go bhfuil sé éirithe as mar cheannaire an Pháirtí Chaomhaigh.

In óráid a thug sé i Sráid Downing ag am lóin, dúirt Boris Johnson go bhfanfadh sé ina Phríomh-Aire nó go gceapfaí ceannaire nua ar an bpáirtí agus dheimhnigh go raibh sé tosaithe ag ceapadh airí nua rialtais.

Tuigtear, áfach, go bhfuil lear mór airí agus feisirí parlaiminte ag iarraidh air éirí as mar Phríomh-Aire gan aon mhoill.

Mar sin féin, thug Boris Johnson le fios go raibh socrú déanta aige le cathaoirleach Choiste 1922 na gCaomhach, Graham Brady, cé go gcuirfí tús leis an bpróiseas ceapacháin láithreach nach leagfaí amach an t-uainchlár go dtí an tseachtain seo chugainn.

Dúirt Boris Johnson ina óráid go mb'oth leis éirí as a phost ach, ar sé, "sin mar a ghabhann an saol!"

Sa saol polaitiúil, arsa an Príomh-Aire, níl aon duine nach féidir déanamh dá uireasa.

Ní róshásta a bhí sé, áfach, go mb'éigean dó an greim bairnigh a bhí sé a choinneáil ar a phost a scaoileadh ar deireadh.

Chuir sé an milleán faoi seo ar "dhúchas an tréada" a bheith i dtreibh Westminster.

Le cúpla lá, ar sé, rinne sé a dhícheall cur ina luí gaidhte ar a chomhghleacaithe go mba thuathalach an mhaise dóibh an rialtas a scor ag am chomh míthráthúil seo.

I ráiteas, ghuigh an Taoiseach Micheál Martin gach rath ar Boris Johnson agus d'achainigh sé air gan Prótacal an Tuaiscirt a chur ó mhaith, mar atá beartaithe aige, sula n-éireoidh as oifig.

Dúirt ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald gur caidreamh iomlán diúltach a bhí ag Boris Johnson leis an tír seo agus d'iarr sí ar an té a thiocfas ina áit malairt cúrsa a ghabháil.