Tá beirt airí shinsearacha tar éis éirí as Rialtas na Breataine de bhrí nach bhfuil muinín acu a thuilleadh as an bPríomh-Aire Boris Johnson.

Thug an Seansailéir Rishi Sunak agus an Rúnaí Sláinte Sajid Javid le tuiscint go raibh siad ag éirí as mar gheall ar an scannal is deireanaí sa rialtas thall.

Baineann an scannal le Leas-Phríomh-Aoire Rialtas na Breataine Chris Pincher a d'éirigh as a chúram an tseachtain seo caite i bhfianaise líomhaintí faoi mhí-iompar gnéis a bheith ar bun aige agus é ar meisce.

Ceapadh é ina Leas-Phríomh-Aoire i mí Feabhra i mbliana ainneoin gur cuireadh in iúl do Boris Johnson ag an am go raibh mí-iompar curtha i leith Chris Pincher cheana.

Dúirt urlabhraí Boris Johnson roimhe seo nach raibh a fhios ag an bPríomh-Aire faic faoi líomhaintí ar leith agus gur chreid sé i mí Feabhra go raibh na fiosrúcháin faoi iompar Chris Pincher thart.

Mhaígh státseirbhíseach sinsearach ó shin, áfach, nár chruinn a rá go raibh na fiosrúcháin thart mar nár saoradh Chris Pincher d'aon cheann de na líomhaintí.