Tá ráig eile Covid-19 in Éirinn agus táimid ina cuilithe cheana féin, a dúirt Príomhoifigeach Cliniciúil Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte an Dr Colm Henry.
Fo-athraithigh ar an athraitheach Oimiocrón a bheith ag forleathadh is siocair leis an ráig, dar leis an Dr Henry.
Is iad na fo-athraithigh seo atá i 90% de na cásanna a bhfuil seicheamhú géanómaíoch á dhéanamh orthu.
Ag labhairt dó ar RTÉ, thug an Dr Henry le fios nach bhfuil imdhíonadh ar na fo-athraithigh seo ag daoine a raibh athraithigh eile den víreas orthu roimhe seo, leithéidí Deilte nó BA.1 (Oimicrón).
Siúd is go bhfuil cúrsaí níos fearr i mbliana ná mar a bhí le cúpla samhradh, arsa Colm Henry, léiríonn an cor is deireanaí go bhfuil neamhchinnteacht ag baint le scéal Covid i gcónaí.
Ar a dhroim sin, is follas anois nach mbaineann Covid le séasúr faoi leith den bhliain ach le gach uile shéasúr, ar sé.
Ar an dea-uair, níl daoine chomh breoite dá bharr agus a bhíodh agus - más slat tomhais í an Phortaingéil - tosóidh líon na gcásanna den ghalar ag titim tar éis ceithre nó sé seachtaine, a dúirt an Dr Henry.
Os a choinne sin arís, áfach, dúirt sé go bhfuil an líon daoine atá ag teacht chuig aonaid éigeandála na n-ospidéal faoi láthair chomh hard agus a bhíonn i lár an gheimhridh.