skip to main content

Straitéis úr foréigin teaghlaigh: cosaint, cosc, cúisiú, comhordú

Straitéis nua foréigin teaghlaigh fógartha ag an Aire Dlí agus Cirt
Straitéis nua foréigin teaghlaigh fógartha ag an Aire Dlí agus Cirt

Tá os cionn €350 milliún le hinfheistiú i straitéis nua an Rialtais chun dul i ngleic le foréigean teaghlaigh, gnéis agus inscne-bhunaithe.

Seo an tríú straitéis a tugadh isteach chun dul i ngleic le foréigean den sórt seo ón mbliain 2010, agus tá sé tugtha le fios ag an Aire Dlí agus Cirt Helen McEntee gurb í an straitéis is uaillmhianaí go dtí seo í.

I measc na mbeartas sa straitéis nua, méadófar líon na n-áiteanna in ionaid tearmainn ó 141 go breis agus 280.

Tá ionsaí arb é díobháil a thoradh ar cheann de na cionta is coitianta i gcásanna foréigin teaghlaigh, agus tá an t-uastéarma príosúin faoin gcion seo le hardú ó chúig bliana go deich mbliana.

Dúirt an tAire McEntee inniu gur caitheadh go leor ama ag cur na straitéise nua i dtoll a chéile - dhá bhliain, go deimhin - agus gur ceadaíodh go leor daoine i gcaitheamh an ama sin.

Is é bun agus barr na straitéise, ar sí, nach bhfuil glacadh dá laghad le foréigean teaghlaigh, gnéis agus inscne-bhunaithe.

Caithfidh gach duine sa tsochaí a bheith ar aon intinn faoin gceist agus ní féidir le haon duine neamhaird a thabhairt ar fhoréigean den sórt seo feasta, a dúirt sí.

Dúirt an tAire chomh maith go n-áirítear caint mhíchuí faoi dhuine - os comhair an duine sin nó sna meáin shóisialta - go n-áirítear a leithéid sa chineál seo foréigin.

Ní mór freisin múineadh do dhaoine óga go háirithe, ar sí, cad is caidreamh slán ann.

Ceithre bhunchloch atá luaite leis an straitéis nua, mar atá, cosaint, cosc, cúisiú agus comhordú polasaithe.

Straitéis cheithre bliana atá inti ach is ar bhonn ocht mí dhéag a chuirfear i bhfeidhm í i dtosach. Tá 144 beart le cur i gcion i gcaitheamh an achair sin, de réir na straitéise.

Tá sé i gceist gníomhaireacht reachtúil leis an straitéis a riar a bhunú faoi Eanáir na bliana 2024.