Tá sé deimhnithe ag na húdaráis in Texas sna Stáit Aontaithe go bhfuarthas coirp leathchéad duine i leantóir leoraí i gcathair San Antonio tráthnóna inné.
Daoine fásta a bhí sna mairbh ar fad, a dúradh.
Dúradh chomh maith go raibh sé dhuine dhéag eile a bhí fós ina mbeatha sa leoraí, ceathrar páistí ina measc.
Tugadh chuig ospidéil áitiúla láithreach iad, mar a bhfuil cóir leighis á cur orthu faoi thnáitheadh teasa agus stróc teasa.
Bhí an teocht chomh hard le 39.4 céim i San Antonio inné ach dealraíonn sé nach raibh aon uisce sa leoraí a bhí páirceáilte in aice leis an iarnród ar cholbha theas na cathrach.
Thug na húdaráis le fios freisin cé gur leantóir cuisniúcháin é gur cosúil nach raibh aon chóras aerchóirithe ann, é sin nó ní raibh sé ar siúl.
Thart ar 250 ciliméadar atá idir San Antonio agus teorainn Mheicsiceo, agus glactar leis gur inimiricigh a tugadh chun na Stát Aontaithe go mídhleathach a bhí sna daoine sa leoraí.
Tá sé deimhnithe gurbh as Meicsiceo 22 de na mairbh. B'as Guatamala agus Hondúras cuid eile acu.
Tuairiscítear gur duine a bhí ag obair in aice láimhe a tháinig ar na hinimircigh tar éis dó glao ar fhóirithint a chloisteáil ag teacht as an leoraí.
Dúirt ceannasaí na bpóilíní i San Antonio go bhfuil triúr gafa faoin scéal ach níor thug sé aon eolas eile ina dtaobh.
Tá an milleán faoin tragóid curtha ar Uachtarán na Stát Aontaithe Joe Biden ag gobharnóir Texas Greg Abbott ón bPáirtí Poblachtach.
Mhaígh Greg Abbott gurb í an fháilte a chuireann na Daonlathaithe roimh inimircigh údar an oilc.