Tuairiscítear gur bhuail diúracán nó diúracáin de chuid Arm na Rúise ionad siopadóireachta i gcathair Kremenchuk i lár na hÚcráine inniu.
Thug Uachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelensky le fios go raibh thart ar mhíle duine san ionad siopadóireachta ag an am ach dúirt nach raibh a fhios aige cé mhéad duine a gortaíodh nó a maraíodh.
Ina dhiaidh sin, dúirt urlabhraí ó Rialtas na hÚcráine gur maraíodh beirt ar a laghad agus gur gortaíodh os cionn fiche duine de bharr an ionsaithe.
Tá sé á thuairisciú ó shin go bhfuil deichniúr maraithe agus thart ar dhá scór gortaithe.
Ag labhairt di ar RTÉ, mhaígh feisire parlaiminte Úcránach Inna Sovsun gur léir gur d'aon ghnó a hionsaíodh na sibhialtaigh mar nach bhfuil aon ionad míleata i ngar ná i ngaobhar don ionad siopadóireachta.
Tá os cionn 200,000 duine ina gcónaí in Kremenchuk atá suite ar abhainn na Dnípire.