skip to main content

Ceart ar ghinmhilleadh sna Stáit Aontaithe curtha ar neamhní

Rialú Roe agus Wade curtha ar neamhní
Rialú Roe agus Wade curtha ar neamhní

Tá deireadh curtha ag Cúirt Uachtarach na Stát Aontaithe leis an gceart ar ghinmhilleadh a fháil sa tír.

Chuir an chúirt rialú an cháis idir Roe agus Wade i 1973 ar neamhní. Ba é an rialú sin a thug cearta bunreachtúla agus dlíthiúla do mhná sna Stáit Aontaithe ar ghinmhilleadh.

Ceaptar go gcuirfidh 26 stát ar a laghad cosc ar ghinmhilleadh anois ach seasfaidh roinnt eile le rialú Roe agus Wade.

Tugann rialú na Cúirte Uachtaraí inniu bua mór do Phoblachtaigh agus do chaomhaigh eile i Meiriceá a bhfuil cosc ar ghinmhilleadh á éileamh acu le fada.