Thug Príomh-Aire na Breataine Boris Johnson le fios go "leanfadh sé ar aghaidh" tar éis don Pháirtí Caomhach dhá shuíochán parlaiminte a chailleadh i bhfothoghcháin inné.
Tá cathaoirleach an Pháirtí Chaomhaigh éirithe as a phost mar gheall ar an mbuille a buaileadh ar an bpáirtí inné, áfach.
I litir a scríobh sé chuig Boris Johnson, dúirt Oliver Dowden go gcaithfeadh duine éigin glacadh le freagracht as [an tubaiste toghchánaíochta] agus dá réir sin nach mbeadh sé ceart aigesean fanacht sa phost.
Mhaígh ceannaire Pháirtí Lucht Oibre na Breataine Keir Starmer gur léir go raibh na Caomhaigh ag titim as a chéile.
Is iad na Daonlathaithe Liobrálacha a bhuaigh an suíochán i dtoghcheantar Tiverton and Honiton in iardheisceart Shasana inné le móramh 6,144 vóta. Bhí móramh 24,000 ag na Caomhaigh sa toghcheantar sin san olltoghchán in 2019.
Is é iarrthóir Pháirtí an Lucht Oibre a bhuaigh an suíochán i dtoghcheantar Wakefield i Yorkshire le móramh 4,925 vóta. Toghcheantar Lucht Oibre is ea Wakefield go stairiúil, agus bua ollmhór don Pháirtí Caomhach a bhí ann nuair a bhain siad an suíochan san olltogchán dhá bhliain go leith ó shin.
Gairmeadh an dá fhothoghchán nuair a d'éirigh beirt fheisirí Chaomhacha as a suíocháin faoi scáth scannal.
Ag labhairt dó i Ruanda, mar a bhfuil sé ag freastal ar chruinniú mullaigh Chomhlathas na Breataine, ghlac Boris Johnson leis gur drochlá dá pháirtí a bhí ann inné.
Tharraing sé aird ar na ceisteanna eacnamaíochta atá ag cur buaireamh ar dhaoine sa Bhreatain faoi láthair agus gheall go rachadh sé i ngleic leis na ceisteanna sin nó go dtiocfadh feabhas ar chúrsaí.