Tá eiseachadadh Julian Assange, bunaitheoir WikiLeaks, chun na Stát Aontaithe chun gur féidir é a chur ar a thriail maidir le cúiseanna coiriúla, ceadaithe ag Rúnaí Baile na Ríochta Aontaithe, Priti Patel.
Tá na hÚdaráis sna Stáit Aontaihe sa tóir ar Assange maidir le 18 cúis, ina measc, cúis spiaireachta maidir le cáipéisí rúnda míleata de chuid na Stát Aontaithe a sceith WikiLeaks.
Chinn breithiúna i Londain nach sárú ar a chearta daonna a bheadh ann dá ndéanfaí é a eiseachadadh agus go gcaithfí go cóir leis sna Stáit Aontaithe.
Tá na húdaráis i Meiriceá ag iarraidh é a eiseachadadh le fada an lá maidir le cáipéisí a sceith Wikileaks in 2010 agus 2011 agus ar cuireadh daoine i gcontúirt mar gheall air chomh maith leis an dlí a bhriseadh, a deir siad.
Deir lucht tacaíochta Julian Assange gur laoch frithbhunaíochta atá ann agus gur déanadh leatrom a imirt air toisc gur nocht sé éagóracha a bhain le coimhlintí san Iaráic agus san Afganastáin agus deir siad gur ionsaí polaitiúil atá san ionchúiseamh ar iriseoireacht agus saoirse cainte.
Tá sé ráite ag Stella Assange, bean chéile Julian Assange go bhfuil siad chun achomharc a dhéanamh. Tá 14 lá ag Julian Assange achomharc a dhéanamh.